Jimmy mo Mhile Stór 
Songwriter: Trad. Arr. Black / Sinnott 
 
Lyrics:
Bliain an taca seo d’imigh uaim rún mo chléibh
Ní thiocfaidh sé abhaile go dtabharfaidh sé cúrsa an tsaoil
Nuair a chífead é rithfead le fuinneamh ró-ard ina chomhair’s
clúdód le mil é, is é Jimmy mo mhíle stór.

Bíonn mo mháthair is m’athair ag bearradh’s ag bruíon liom féin
Táim giobaithe piocaithe, ciapaithe, cráite dem shaol
Thugas taitneamh don duine úd dob fhinne’s dob aille snó
Is chuaigh sé ar bhord loinge, is é Jimmy mo mhíle stór

Rachadsa chun coille agus caithféad an chuid eile dem shaol
San áit ná béidh éinne ag éisteacht le ceol na n-éan
ag bun an chrainn chaorthainn mar a bhfásann ann féar go leor
ag tabhart taitnimh don duine úd, is é Jimmy mo mhíle stór

This song can be found on the following albums:
Title
 
Type
Year
Éist  Compilation  1999 
The Best Of Frances Black  Album  2000 
This Love Will Carry Album 2006